AMUCELT

Forum specjalizacji celtyckiej filologii angielskiej UAM Poznañ

Og³oszenie

NEW! Maksymalny rozmiar avatarów zosta³ zwiêkszony do 150x150 pikseli.

#1 2010-06-03 12:21:35

Críos

Novice

Zarejestrowany: 2010-05-28
Posty: 6

Tús maith leath na hoibre

Cén faith go bhfuil an snáth seo folamh? D'fhéadfaimis ár gcuid Gaeilge a chleachtadh anseo. Bhuel, conas atá na cúrsaí?

Offline

 

#2 2010-06-08 22:14:37

nalma

Novice

Zarejestrowany: 2009-02-22
Posty: 3

Re: Tús maith leath na hoibre

Ceapaim nach bhfuil go leor ama ag daoine a scríobh anseo. Go háirithe anois, ar feadh le linn na scrúduithe. Ar aon chaoi, is maith liom na cúrsaí ag an n-ollscoil seo agus ár léachtóirí (bhuel, a mbunús). Agus tú féin, céard a dhéanann tú anois? An bhfuil tú ag staidéar nó tá tú ag obair? Agus, cén fath go bhfuil spéis sa Ghaeilge agat?

Offline

 

#3 2010-06-11 13:05:00

Críos

Novice

Zarejestrowany: 2010-05-28
Posty: 6

Re: Tús maith leath na hoibre

Tuigim cén fath nach bhfuil sibh ag scríobh anseo anois ach ní scríobhtar faic sa snáithe seo (i.e. "Labhair liom!") go deo. Mar sin, is dóigh liom go mbíonn go leor ama agaibh le bhur gcuid Gaeilge a chleachtadh le linn na ranganna - tá éad orm libh faoi sin ;).

Mé féin? Bhí mé ag lorg na líonláithréan mar gheall ar an nGaeilge sa Pholainn agus fuair mé bhur bhfóram. Nílim i mo mhac léinn a thuilleadh agus dá bhrí sin caithfidh mé obair. Mo spéis sa Ghaeilge? Dar liom gur í an Ghaeilge an teanga is áille sa domhan ach níl sí rófhurasta in aon chor. Táim á foghlaim le cúpla bliain ach is trua nach bhfuilim líofa fós. Ina theannta sin is maith liom miotais Ghaelacha, litríocht na hAthbheochana Gaelaí agus an litríocht ósna Blascaodaí (táim ag iarraidh "an tOileánach" le T. Ó Criomhthain a léamh, ach tá sé sin deacair go leor).
Agus tusa? Cén fath go ndéanann tú staidéar ar na teangacha Ceilteacha agus cad as do do spéis i gcultúr na gCeiltigh?

Offline

 

#4 2010-06-13 19:24:28

nalma

Novice

Zarejestrowany: 2009-02-22
Posty: 3

Re: Tús maith leath na hoibre

Bhuel, ní déarfainn mé go bhfuil muid ag cleachtadh go LEOR Gaeilge sna ranganna. Is mian liom go gcaintimid níos mó sna ranganna (go dearfa, is mian liom go gcaintimid Gaeilge ar chor ar bith). Mar sin, níl rud ar bith ann lena féad a bheith in éad ort. (?czy to jest poprawne?)

Tá ceart agat gur í an Ghaeilge an teanga is áille sa domhan agus ceapaim freisin go bhfuil sí deacair. Déarfainn mé gur í an easpa caighdeáin is ciontaí. Tá mé ag maíomh nach bhfuil an caighdeán ann a labhraíonn gach duine in Éirinn uile. Cén chanúint atá tú ag foghlaim? Ultach? Agus cén saghas na leabhar as a mbaineann tú úsáid? Is dóigh liom go bhfuil ardleibhéal na Gaeilge agat.

Go hachomair, táim ag déanamh staidéar ar na teangacha Ceilteacha mar ba mhaith liom rud éigin eile a fhoghlaim (ná amháin Béarla). Bhí an-spéis i mBreatnais agam i rith na bliana seo caite ach bhí i ngrá leis an nGaeilge i ndiaidh do mo chaitheamh an samhradh seo caite i nGaillimh. Go macánta, ba mhaith liom go hÉirinn a bhogadh ó shin :)

Offline

 

#5 2010-06-20 13:00:11

Críos

Novice

Zarejestrowany: 2010-05-28
Posty: 6

Re: Tús maith leath na hoibre

Tá brón orm níorbh fhéidir liom freagairt níos luaithe ach bhí mé an-ghnóthach i rith na seachtaine seo caite. Is trua nach mbíonn sibh ag caint as Gaeilge sa rang. Ach cím go bhfuil do chuidse Ghaeilge go maith. Cár fhoghlaim tú í? Sa rang nó nuair a bhí tú i nGaillimh? Maidir le "níl rud ar bith ann lena féad a bheith in éad ort. (?czy to jest poprawne?)", déarfainnse: "Níl aon rud ann go bhféadfadh éad a bheith ort fé" nó "Níl rud ar bith ann a bhféadfadh éad a bheith ort faoi" sa Chaighdeán Oifigiúil, ach nílim cinnte an bhfuil sé sin ceart nó mícheart.

Aontaím leat go bhfuil an Ghaeilge deacair. Ceapaim, áfach, nach bhfuil sí deacair toisc easpa an chaigheáin, ach toisc go múintear i slí mhícheart í - sin í mo thuairim. Gan amhras níl aon chanúint amháin ag na daoine in Éirinn pé teanga (Gaeilge nó Béalra) atá acu. Is é an Béarla an sampla is fearr: tá canúintí ann agus is uaireanta nach dtuigimid na canúintí nach bhfuil cur amach againn orthu. Chomh maith leis sin, tá an Caigheán Oifigiúil sa Ghaeilge, úsáidim féin sa scríobh ó am go ham é, ach ní maith liomsa in aon chor é mar tá sé saorga is mínádúrtha. Is fearr liom na canúintí - canúint na Mumhan go háirithe - tá sí á foghlaim agam. Bhaineas úsáid as leabhair dhifriúla, ar dtús as "an Ghaeilge" le Doyle agus Gussmann, ina dhiaidh sin as "Buntús Cainte", "Learning Irish" le Ó Siadhail, "Buntús na Gaeilge", "Teach Yourself Irish", graiméir éagsúla agus araile. Anois atáim ag baint úsáide as seanleabhair ar foilsaíodh roimh 1940 iad (is maith liom an cló gaelach agus easpa an Chaighdeáin Oifigiúil). Is é "Gaeilge Chorca Dhuibhne" le Ó Sé mo rogha leabhar ach ní lámhleabhar é an leabhar sin ach graiméar tuarascála. Cé na leabhair a mbaineann tú féin úsáid astu? Cén leabhar is fearr leat?

An raibh do laethanta saoire á gcaitheamh i nGaillimh agat nó b'fhéidir, an ndeachaigh tú siar go Gaillimh chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh? Scríobh dom mar gheall air sin, más é do thoil é.

Offline

 

Stopka forum

RSS
Powered by PunBB
© Copyright 2002–2008 PunBB
Polityka cookies - Wersja Lo-Fi


Darmowe Forum | Ciekawe Fora | Darmowe Fora
pokoje w Kuźnicy www.yorku.pl